
An Uile Bhealach Abhaile All The Ways Home
Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh An Uile Bhealach Abhaile, saothar úrnua leis an gcumadóir iomráiteach Colm Ó Foghlú, á léiriú i Stiúideo Cuan sa Spidéal ón 13 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2024 ag 8.00pm gach oíche.
Is saothar nua ceoil é An Uile Bhealach Abhaile a thabharfas léargas uathúil ar dhúchas Choilm agus ar chuimhní a óige agus é i gCarna.
Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Patrick Flanaghan (Cor Anglais) agus Noreen O’Donoghue (Cruit) maraon le Ensemble Téadach an Chaisleáin. Naíonúr ceoltóirí uilig a bheas ar stáitse don chéad léiriú domhanda den saothar thábhachtach nua seo.
Is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é An Uile Bhealach Abhaile atá mar chuid lárnach de chlár ealaíne an Stiúideo agus muid ag tabhairt ardán d’ealaíontóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta saothair nua den chaighdeán is airde a chur os comhair an phobail anseo i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.
Stiúideo Cuan is delighted to announce that An Uile Bhealach Abhaile / All the Ways Home, a major new work by renowned composer Colm Ó Foghlú, will have its world premiere in Stiúideo Cuan in An Spidéal, Co. Galway from the 13th to the 16th of November 2024.
Commissioned by Stiúideo Cuan, this latest work from Ó Foghlú features a world-class ensemble, including virtuoso Aoife Ní Bhriain on violin, Patrick Flanaghan on Cor Anglais, Noreen O’Donoghue on Harp and The Castle String Ensemble (Katie O’Connor - violin, Aoife Ní Dhornáin - viola, Karen Dervan - viola, Paula Hughes - Cello & Dan Bodwell - double bass).
An Uile Bhealach Abhaile / All the Ways Home is inspired by the time Colm spent in Carna, Connemara, as a child and how the dramatic landscape and rich heritage of this unique region and its people shaped him. An Uile Bhealach Abhaile / All the Ways Home is a heartfelt journey that explores all the ways to find yourself as a person and how place and time shape us as we journey to our ultimate destination - an baile - home.
Cumadóir / Composer: Colm Ó Foghlú
Ceoltóirí / Musicians: Aoife Ní Bhriain, Patrick Flanaghan, Noreen O’Donoghue
Ensemble Téadach an Chaisleáin / The Castle String Ensemble
Léiritheoir: Darach Mac Con Iomaire
Fuaim: Joe Bean
Bainisteoir Léirithe: Sharon Ní Loideáin
Arna léiriú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon & Ealaín na Gaeltachta.
