Óró

Mórléiriú idirnáisiúnta il-ealaíne a léirigh Ealaín na Gaeltachta i gcomhar le Gaillimh 2020 agus Stiúideo Cuan. B’é Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan a bhí mar Léiritheoir Cruthaitheach ar an togra seo.

Is mórshaothar nua taibhealaíne é Óró… atá cruthaíodh go speisialta d’Ealaín na Gaeltachta agus Ghaillimh 2020 le buíon ghairmiúil ealaíontóirí Gaeltachta agus idirnáisiúnta a bhíonn ag saothrú i mionteangacha ar fud na hEorpa.

Scéal corraitheach faoi theacht aniar é Óró… a fhiosraíonn féiniúlacht an duine agus a insítear tríd an damhsa comhaimseartha, an amharclannaíocht, an ceol, an fhilíocht agus na hamharc-ealaíona. A bhuíochas de phlúr na n-ealaíontóirí gairmiúla, chuaigh an nuashaothar ealaíne seo i bhfeidhm go mór ar an bpobal go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Léiríodh Óró... i nGailearaí an Tismeáin, amharclann speisialta suíomhoiriúnaithe taobh leis an gCrompán ar an gCeathrú Rua agus bhí an léiriú clabhsúir ar Lá Eorpach na dTeangacha, Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair 2020. De bharr fhairsinge an ionaid, cloíeadh leis na srianta agus treoirlínte a bhain leis an scaradh sóisialta go héifeachtach agus gan stró.

Liam Ó Maonlaí - Ceoltóir/Cumadóir
Síle Nic Chonaonaigh – Aisteoir
Maitiú Ó Casaide - Ceoltóir/Cumadóir
Sibéal Davitt - Damhsóir Comhaimseartha
Seán Ó Flaithearta - Amharc-Ealaíontóir/Dearthóir
Diarmuid de Faoite – Aisteoir
Amaia Elizaran - Damhsóir Comhaimseartha as Tír na mBascach
Anne Feddema - Péintéir/File as An Fhreaslainn
Josie Duncan - Amhránaí as Albain
Taran Spalding-Jenkin - File/Taibheoir as Corn na Breataine.

Foireann Léirithe le cur leis seo.