Cosán na Naomh

Coimisiún nua ceoil le Máire Breatnach

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh Cosán na Naomh, saothar úrnua leis an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach Máire Breatnach, á léiriú inár n-ionad nua ealaíne & ceoil sa Spidéal ón 27 Meán Fómhair go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2022 ag 8.30pm gach oíche.

Is saothar nua ceoil agus filíochta é Cosán na Naomh a thabharfas léargas uathúil ar leithinis Chorca Dhuibhne agus stair ársa an cheantair gaeltachta seo. Ceol nua ar fad a bheas anseo, cumtha ag Máire Breatnach, agus curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Máire Breatnach (veidhlín & viola) Mick O’Brien (píb uilleann & feadóga) agus Noreen O’Donoghue (cláirseach) le dearadh fuaime ó Stephen O’Brien.

Tá an saothar nua seo bunaithe ar Chosán na Naomh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ó Thrá Fionntrá, de réir traidisiúin a ghabhann siar breis is míle bliain, a thugadh lucht oilithreachta aghaidh ar Chnoc Bréanainn ar an gcosán ársa seo. Sa tseanlitríocht, is ag an trá seo a tharla an comhrac miotasach, ar a dtugtar Cath Fionntrá, inar sháraigh laoch mór na bhFiann in Éirinn, Fionn Mac Cumhaill ‘Impire an Domhain go léir seachas Éire’, Dáire Donn. 


Cumadóir:  Máire Breatnach

Ceoltóirí:    Máire Breatnach
                     Mick O’Brien
                     Noreen O’Donoghue

Dearadh Fuaime: Stephen O’Brien

Meascadh Fuaime: Joe Bean

Bainisteoir Léirithe: Paul D’Eath

Léiritheoir:  Darach Mac Con Iomaire




Arna léiriú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon & Ealaín na Gaeltachta.