Ealaíontóirí Cónaithe Stiúideo Cuan ‘23

Sarah Ghriallais, Darach Ó Scolaí,

Mary Bergin & Cormac Ó Comhraí

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go bhfuil ceathrar ealaíontóirí traidisiúnta le bheith ina n-ealaíontóirí conáithe i Stiúideo Cuan an Fómhar seo – an Ceoltóir iomráiteach Mary Bergin, an Scríbhneoir agus Foilsitheoir Darach Ó Scolaí, an t-Amhránaí aitheanta Sarah Ghriallais agus an Staraí Cormac Ó Comhraí.

Tiocfaidh na healaíontóirí cónaithe le chéile i Stiúideo Cuan gach Máirt @ 8:30pm ar feadh 8 seachtainí, ag tosú ar an 24 Deireadh Fómhair agus fáilte mhór roimh an phobal a bheith i láthair gach seachtain.

Ócáid rialta, sheachtainiúil a bheas anseo i rith séasúr an Fhómhair do phobal an cheantair agus do chuairteoirí, rochtain a bheith acu ar scoth an ealaín ó scoth na n-ealaíontóirí agus comhrá cruthaitheach rialta ar bun idir an pobal agus ealaíontóirí an cheantair.

Is mar seo a labhair Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan, Darach Mac Con Iomaire faoin scéal:

“Is idir cheolcoirm agus seisiún a bheas i gceist,  a mbeidh béim gach seachtain ar na healaíona traidisiúnta uilig – ceol, scéalaíocht, amhránaíocht agus stair. Déanfaidh an ceathrar ealaíontóirí cumasacha seo cur i láthair 15 nóiméad an duine gach seachtain ar ábhar a bhfuil siad féin ag cur spéis ar leith ann agus beidh cur agus cúiteamh eadarthu féin agus an pobal ar na hábhair éagsúla seo gach seachtain. Tá ríméad ar Stiúideo Cuan an clár ealaíontóirí cónaithe seo a chur ar bun arís i mbliana le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, agus muid ag cur deiseanna fostaíochta agus forbartha ar fáil d’ealaíontóirí gairmiúla a gcleachtas a chur chun cinn.”

Tabharfaidh sé seo deis rialta don phobal machnamh agus plé a dhéanamh faoinár ndúchas, mar a tugadh dúinn é, mar a mhúnlaigh muid féin é agus mar a chuirfeas muid ar aghaidh é.

Bígí linn i Stiúideo Cuan, gach Máirt ag 8.30pm ón 24 Deireadh Fómhair agus ceathrar de mhór-ealaíontóirí na Gaeltachta i mbun ceoil agus comhrá faoin ealaíon agus a gcleachtas ealaíne i bhfóram theolaí, spreagúil. Is deis iontach é seo don phobal áitiúil agus náisiúnta, ardú croí a fháil ó scoth na nealaíontóirí áitiúla, in ionad nua ealaíne den scoth – Stiúideo Cuan. Beidh saor-chead isteach agus beidh an beár oscailte.

Arna léiriú i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta.