Clár Ealaíontóirí Cónaithe

Beidh ceathrar ealaíontóirí traidisiúnta ina n-ealaíontóirí conáithe i Stiúideo Cuan i 2021 – an Ceoltóir & Cumadóir Johnny Óg Connolly, an Damhsóir ar an sean-nós Róisín Ní Mhainín, an Scéalaí Máirín Mhic Lochlainn agus an t-Amhránaí ar an sean-nós Caitlín Ní Chualáin.

Na príomh-aidhmeanna ealaíona atá leis an gclár seo ná an deis a thabhairt do na healaíontóirí cónaithe seo dul i ngleic lena gcleachtas ealaíne trí thaighde agus machnamh a dhéanamh ar ghnéithe ar leith dá gcuid ealaíon agus toradh na hoibre seo a roinnt leis an bpobal gach seachtain i bhfóram shóisialta a mbeidh coimeádaíocht á dhéanamh air.

Treiseoidh an clár cónaithe seo gréasán sóisialta agus caidrimh cheantar Chois Fharraige a neartós spiorad agus féin-mhuinín an phobail. Tabharfaidh sé deis rialta don phobal mhachnamh agus plé agus spreagfaidh sé cros-pholanú smaointeoireachta faoinár ndúchas, mar a tugadh dúinn é, mar a mhúnlaigh muid féin é agus mar a chuirfeas muid ar aghaidh é.

Arna léiriú i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta.