CEOLÁN

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan sraith nua ceoil comhaimseartha Gaeilge á sheoladh ar chainéil YouTube TG4 ar an Luan 6 Samhain 2023.

Dírithe ar an nglúin Z, is sraith 24 físeán ceoil atá i CEOLÁN ó scoth na ngrúpaí agus ceoltóirí comhaimseartha, ina measc: Síomha, Grooveline, Spásas, Anna Mullarkey, Tadhg, Clagarnach, Eve Belle, Róisín Seoighe & Imlé, Eoghan Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, SMAC-U, Caoimhe & Séamus Ó Flatharta agus Bríd Kenny.

Léiriú é CEOLÁN de chuid Stiúideo Cuan do TG4 agus é deartha go speisialta do na hardáin sóisialta i bhformad 9:16 le hoiriúint do na meáin shothghluaiste.